School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Castletownroche, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aogán Ó Rathaille agus an sliogánNuair a bhí Aodhgán Ó Rathaille ag taisteal tímcheall Ciarraidhe agus é gan tigh gan áitreabh, do bhuail sé isteach i dtig áirithe agus d'iar ar fhear an tighe cead bheith istigh i gcóir na hoídhche. Do thug agus fáilte mar dheadh. Níor thugadar aon bhiadh do Aodhgán acht mála féir chun luighe air san chúinne. Bhí cúpla ingean ag fear an tighe agus nuair dhimthigh a máthair agus a n-athair a' chodladh, do dheineadar corcán leiteann. D'iarr Aodhgán roinnt de uatha. Do thugadar an chluas bodhar dó, agus d'itheadar é go léir. Fé dheire thiar thall do thugadar an corcán dó agus an sliogán ann chun é do scríobadh. D'éirigh Aodhgán feargach agus do labhair go hárd agus go bagarthach. Dhúisigh fear an tighe, agus ar seisean, cad fé ndear an glór go léir, cad tá cionntach leis sin.
D'fhreagair Aodhgán é mar leanas: -
"Mise Aodhgán Ó Rathaille
Congantóir calma Sliabh Luachra
Do bhris a shliogán i dteannta a chorcáin
agus ní le méid an ualaigh."