Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bacach ann fadó & sé an ainm a bhí air ná Seán Ó Dómhnaill & dfhan sé oidhche shíos i dtig Sheáin Uí Chonaill. Bhí seomra áirithe sa tig & ní raibh aoinne na codladh ann & cuireadh an bacach na chodladh sa seomra san. Bhí doras an t-seómra tímcheall deich dtroighthe ón dtalamh ach ní raibh aon staighre ann & bhí sé de bheas ag an bacach nuair a eirígheadh ar maidin féachaint cad é an saghas lae é. Bhí buachaill aimsire ag Seán & bhí sé ana aerach & dhein sé suas a aigne preab a bhaint ar an mbacach. Bhí guna ag Seán & líon an buachaill aimsire é le leiste & deirig sé go luath ar maidin & chuaidh sé amach sa chlós. Níorbh fhada gur eirig an bacach & tháinig sé go dtí an doras ach má tháinig do chaith an fear eile leis "O a Thighearna a Sheáin táim marbh" ar seiseann. Níorbh é sin(leanann ar an chéad leathanach eile)