Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Grian
Da mbeadh an grian na caor dearg ag dul fuithi am tráthnóna sin comartha go mbeadh an aimsir cun socrú ach da mbeadh fáinne timcheall ar an ngréin sin comartha go mbeadh an aimsir cun briseadh. Dá mbeadh an gréan ag sreacarnaig ar na carraigreacha taréis ceatha sin cómhartha go leanfaidh an aimsir briste.
Eisg
Sa tSamhradh da mbead na h-eisg ag eirighe os cionn uisge san abhainn sin cómartha go mbeadh an aimsir cun briseadh.
Aibne
Da mbeadh na h-aibne gan puinn uisge agus an gaoth i dtuaidh sin comartha go mbeadh an aimsir cun briseadh.
Canlaithe
Dá mbeadh na preacáin ag cág in airde ar na carraigreaca sin comartha go mbeadh aimsir ag teacht.
Cat
Dá mbeadh an cat na luighe agus a drom cun na teine aige sin somartha go mbeadh sneactadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ráth Thoir, Co. Chorcaí