Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí beirt leanbh aice ach níor fhásdar riamh. Bhí meitheal móna aice lá agus nuair a tháinig aimsir dínnéir tóg sí amach léithe dos na fearaibh agus d'fhág na leanbhaí sa cliabán na diaidh. Nuair a bhí sí imthighthe tamaillín ón dtig cuimhnig sí gur dhein sí dearmhad ar na spúnóga. Dfhág sí an leite ansan agus cuaidh sí isteach sa tig cun na spúnóga d'fághail. Nuair a tháinig sí go dtí an doras dairig sí an cainnt istig. "An airighis-se riamh biad bramhalóige ag dul ag triall ar mitileograí ar port" arsa duine acu. "Níor airígheas ó bhí Cath Meidir ann" arsan tarna duine. "An cuimhin leat-sa Cath Meidir" arsan cead duine a labhair. Is cuimhin agus trí cath roimis" arsan cead duine. Chuaidh sí go dtí an port agus dhinnis sí an sgeal des na fearaibh agus dheineadar seift éigin chun iad do rugairt.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Iarfhlaith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ráth Thoir, Co. Chorcaí