Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bulla i roilg Bhaile Mhúirne ins an áit go dtugann na daoine a dturas. Is cuimhin liom an uair ná raibh sé ceanghailthe ar an bfalla/ An uair sin thógfhadh na daoine é ar fead lae cun rudaí do leigheas. Tháinig bean o Cluain Droichead agus thóg sí é cun ba do leigheas agus cuir sí isteach i mbosca é agus cuir sin an glas ar an mbosca. D'fhág sé an bosca agus cuaidh sé thar nais go baile Mhuirne agus cheangal sé ibhfhalla an t-seana séipéal. Do bhain na daoine amach é in aimsir na trioblóide acht do ceangal se ann arís. Tá sé ann fós agus tá sé teipthe ar na sgoláirí is fearr a dhéanamh amach cad é an mianach atá ann. Do bhí íomág Naomh Gobnaitan ann leis agus tóg na saighdiúirí é. Fuair muinntir Baile Muirne amach go raibh sé le thais Cionn t-Sáile agus fuareadar arís é. Tá íomág Naomh Gobnatan(leanann ar an chéad leathanach eile)