Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rédóírí iseadh daoine a bhíonn go maith cun comartaí na h-aimsire do tabhairt fé ndearaGealach
Deirtí gur droch comartha fáinne a beith timcheall na gealaige nó an gealach nuadh a beith iompuighthe suas.Grian
Comartha maith iseadh an grian a beith na caor dearg ag dul síos agus droch comartha iseadh í beith salachGaoth
Deagh cómhartha iseadh an gaoth a beith i dtuaidh agus droch comartha iseadh an gaoth a beith in deasCeó
"Ceó ar Muisire agus Clarach lom
Comara soininne is fearr sa domhan"Uisge
Comartha maith iseadh fíor uisge a beith ag eiríghe aníos trí áiteanna sa bótharEasach
Da mbeadh briseadh le teacht do tosnóchad an easach ag buirthigCat agus Gadhar
Droch comartha iseadh an cat a beith in-aice na teine agus an gadhar ag ithe an féir glais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamus Ua Cuanaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín na Ceártan, Co. Chorcaí