Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag lorg asail a chuaidh amú maidin Dómhnaig agus nuair a tháinig sé go geata an t-séipéil do casadh file air agus d'fhiafhrigh an fhear do'n fhile fógra do sgríobadh chun é thabairt do'n sagart chun é a léigheadh amach don phobal. Dúbhairt an file leis go ndéanfadh agus fáilte ach peann agus páipéar a thabhairt do, agus do thug sé do iad agus do sgríobh an file an fógra so agus do tugadh do'n sagart é:-A Athair.
Múileach atá go stranngach cumangach
D'imthig chun siúbhail uaim go moch indhiu
Tá ceann mór fada air
eirball sguabach
Agus tá a gruaige gan bheith
bán ná dubh
Ní raibh crúdh ná tarainge ar a crúba
ach gága
Bhí a rúmpa gearrtha
agus marc na phus
Agus pé fear ná buachaill go mbeidh
a thuairisg
Geobhaidh mar dualgas uaim
gallún puins.Ní raibh fear an asail ábalta ar léigheadh ná sgríobhadh ach do bhí an gaoluinn go blasta aige, nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Crimín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí