Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “An Firín Dearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lánmhain na gchómhnuidhe i gCiarraighe gurb' ainm dóibh Diarmuid agus Siobhán. Bhíodar ana shaidhbhir. Bhí duine bocht sa chómharsanacht agus Séamas a ghlaoidhtí air, agus bhí sé sin ana bhocht, bhí feirm beag thailimh aige ná dhéanfadh naosgach a chothúghadh.
    Bhiodh Diarmuid agus Siobhán i gchómhnuidhe ad'iarraidh leath-scéal éigin d'fhágail chun Séamus a chur as a fheirm agus é fhághail dhóibh féin. Dúbhairt Diarmuid go marbhóchaidís é, agus dúbhairt Siobhán go gcrochaidís é. Bí priúnse 'na chómhnaidhe i mbhotháinín, in aice leó gurbh ainm do an Conallach, agus dúbhairt Siobhán go raghadh sí féin cuige agus go ndéarfadh sí leis a rádh le Séamas caisleán breágh do bheith déanta aige i gcionn trí seachtmhaine nó go marbhóchfaidís é.
    D'imthig sí léi go dtí an Conallach agus dubhairt sí leis gur mór an náire de bheith 'na chómhnaidhe i mbhotháinín mar sin, agus dubhairt sí leis a rádh le Séamus caisleán a bheith déanta aige do i gcionn trí seachtmhaine.
    Airiú adúbhairt an Chonnalach, ná féadfadh an duine bocht é a dhéanamh, ach dúbhairt Siobhán leis é a dhéanamh anois, agus chuaidh an Conallach cun Séamuis agus d'innis sé an scéal do, do thosnuig Séamus ag gol, agus faidh abhí sé ag gol, tháinig firín beag dearg chuige agus ar seisean "Airiú a Shéamuis cad tá ort"? "Ó ní fhéadfá mo scéal a leigheas" arsa Séamus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0571: “All Stick Together”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ua Murcadha
    Inscne
    Fireann