Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 188
- XML “Seana-Mháire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean na chómhnaidhe I nDoirín Aluinn fadó, Seana-Mháire a tugtaí uirthi. Bean luath láidir a b'eadh í, ní raibh aon locht na bheathaigh uirthi ach bhí cos bacach aice. Bhí bothán beag aice ar thaobh an bhóthair.
Bhíodh sí ag dul tímpeall go dtí na tighthe sa comharsanaigh ag sníomh agus ag déanamh cuigne. Bhíodh saghas filidheachta á cheapadh ag Seana Mháire clisteacha cainnte a rithfeadh cuichi nuair ba mhaith léi é. Bhíodh cearca ag Seana-Mháire agus níor thaithn leó cearca Seana Mháire a bheith ag dul isteach ins na pairceanna a bhíodh acu. Ní raibh aon min ag Seana-Mháire dóibh agus dúbhairt sí mar seo:-
Greadadh is díth ort is déarca
Ar cearca beaga an tighe seo
Go bhfuil na cómharsain greaduighe
Dá gcuirim fál cómh hárd le faill rómpa
Bhrisidís tríotha, is go deimhin
Ní bhead ag casadh leó,
Ach go gcaithead féin I gcinn díobh.Bhí gaol aice agus d'airigh sí an rann agus dúbhairt sí mar seo:-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ríoghbhardán
- Inscne
- Baineann