Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 190
  3. XML “An Brúnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí sé de bhéas ag us na mnáibh dul go dtí an t-aifreann ar cúlaibh na bhfhear, bhí fear darab’ ainim de Bhrún i nDrom-réidh agus ní thógfadh sé aon bhear ar chúlaibh mar ní thaitnfeadh sé leis a mhnaoi féin agus do dhein cómharsha na bhéarsaí seo:-
    Ar maidin lae aonaigh lá Bealtaine
    Ar theacht an Samhradh taithnmheach
    Cé cídfinn im’ choinnibh ach an
    Brúnach
    Ar gilín breágh sleamhain buidhe
    beathaighche
    Ba chuma no prionnsa no dúic
    No Fionn Mac Cúmhal an Farraire
    Cailín na gcrúbh ar a cúlaibh
    B’shin rud nár clú is nár cleachtadh do
    II
    Ach nuair tháinig an ainir ar ball
    Is b’árdh é a glam is eascaine
    Do stoladh caidhp dá ceann agus do buaileadh
    Trí leabhair buille de brat uirthe
    Tharraig sé sgían as a póca is de’n iallait
    do dhein sé na leatarach
    Do bhain as a bolg na putóga is do bhuail
    fé na bhróig sa lathaig é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Corocra
    Inscne
    Baineann