Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 171

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 171

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 171
  3. XML “An tAmadán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na céadta bliadhain sar ar rugadh ár slánuightheóir bhí fear ’na chómhnuidhe ag an Muilleann, agus bhí sé ’na amadán críochnuighthe agus bhíodh sé ar meisge i gcómhnuidhe.
    Nuair a thagadh sé isteach gach lá agus é ar meisge do bhíodh a mháthair ar fuaid a tíghe agus í ar buile, agus ní bhíodh seisean ach amrán do féin in aice na teine. Oidhche amháin tháinig sé isteach go h-ana dhéanach agus bhí an seana bhéan imtighthe a codlad, agus ní raibh aon áit aige chun dul isteach ach tré poll na h-eocrac mar bhí feircín ime ar an dtaobh istig de gach dorus.
    Chuimhnig sé ar sheift go raghadh sé isteach tríd an bhfuinneóig. Cheap sise gur go Cúil-Aodha ag imirt cartaí abhí sé imtighthe agus dubhairt sí mar seo:-
    “A Dhiarmuid na gcarad,
    Is attuirseach dúbhach do
    sgéil,
    Ag imtheacht ó’n mbaile
    seo,
    Ag tarrac ar sráid
    Cúil Aodha,
    Bíonn bórd ann leagaithe,
    Is gambol ann suas
    led taobh,
    Is is ró gearr gur scladaig
    maircealac trí is raol.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Neill Bean Uí Thuama
    Inscne
    Fireann