School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 161
  3. XML “Gobnait an Tae”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gobnait an Tae
    Fadó nuair a tháining an tae ar dtúis ní raibh aoinne ábalta ar é dhéanamh i gciarraidhe ach 'Gobnait na gcearc' leas-ainm ab'eadh é sin uirthe. Do fuair duine éigin púnt tae agus do chuireadar fios ar Ghobnait chun é a dhéanamh.
    Tháinig sí agus nig sí corcán mor agus do líon sí le h-uisge é agus chaith sí an púnt tae isteach ann agus do bheirbhig sé é, ansan do chaith sí isteach buicéad bláthach agus bhí sean-duine sa cúinne agus bhí bata aige agus rug sí ar an mbata eo uaidh agus do corruigh sí an tae leis agus an bláathach agus an t-uisge le chéile agus ba ghearr gur deineadh gruth agus meidhg do agus bhí córcaí sa ghruth a cheangalóeadh gamhain no caoire.
    Nuair a bhí sé beirbhighthe go maith aici, do thóg sí amach é agus thug sí báisín de do gach duine acu agus d'óladar go breágh é agus fuair cuid acu báisín eile agus bhí Gobnait ana-mhordálach inte féin tar-éis báisín de a ól de féin fuair Gobnait a clócha agus d'imigh sí léi abhaile.
    Ar maidin lár na mháireach nuair a bhí an sean-duine chun éirighe ní fhéadfhadh sé corraighe agus do bhí fearg (air) chun Gobnait mar cheap sé go raibh sí tar-éis nimh a thabhairt do, bhí an méid sin tinnis air agus bhíodh sé 'á rádh leis féinig go minic ar feadh an lae:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ua Loinsigh
    Gender
    Male
    Age
    83
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire na Sagart, Co. Chorcaí