Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 173
- XML “An Cúsán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall ó shoin do tháinig an tíghearna talmhan agus a bháilí go Baile-Mhúirne agus thógadar stoch le cíos thiar ar na Fochrairí agus níor cuir aoinne ó Baile-Mhúirne cosg leó. Nuair a bhíodar ag gabháil thar an gcúsán bhí a lán daoine istig sa ceardchain agus dúbhairt mach an gabhann mar seo:-
B’olc an triall do mhuinntir Baile-Mhúirne,
Ba an fhir fhóghanta a leogaint uatha
Agus is beag an congnamh a bheadh agam
Dá mbainnfinn díobh iad.
Do rith sé amach as an gceárdchain agus soir ’na ndiadhtha agus bhí casadh ar bun an bhóthair. D’imthig a lán na sráide ’na dhiaidh agus gach olagón aca go lámhacfaí é. Nuair a bhí na saighdiúirí agus na báilí ag gabháil thar an casadh do rith sé i gcómhgar na páirce abhí ar an dtaobh thiar díobh agus bhíodar san ag gabháil ar bun na páirce. Do rug sé ar dhá cloich agus tháinig ar scáth claidhe.
D’airighdear an ologán ’na ndhiaidhtha agus cheapadar go marbhóchfaí iad agus d’fhágadar na ba ’na ndiadhta agus chuireadar mullach na réidh soir díobh agus do tugadh abhaile na ba.- Faisnéiseoir
- Conchubhar Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann