School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 118
  3. XML “An Firín Dearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus d'innis sé dho na geasa a bhí air, dúbhairt an firín beag leis dul go dtí an Carraig agus suathadh anáirde ar fiall na bpúcaí ar éirighe na gealaighe agus go bhfhaghadh sé slaitín bán ann agus é thógaint leis agus marcáil amach leis an slaitín sin an áit 'na raibh sé chun an caisleán do tógaint, agus an slaitín do chuir thar-nais san áit céadhna airís.
    D'imthig Séamus agus mharcáil sé an áit leis. ar maidin bhí caisleán breágh déanta ann. Nuair éirig an Chonnallach ar maidin bhí ana áthas ar agus chuaidh sé chun Shéamus ag breith buidheachas leis. Nuair a éirig Siobhán connaic sí an caisleán breágh, tháinig ana fhearg uirthe agus dúbhairt sí leis an Conallach "Ná dúbhairt-sa leat go raibh cómhacht éigin ag Seamus" agus dúbhairt sé lei go raibh sé sásta [?]leis féin ana bhuidheach do féin agus do Shéamuis.
    Dúbhairt Siobhán ná féadfadh sé bheith sásta fós mar go gcaithfeadh Séamus an fharraige do bheith na h-aice, agus an abha agus crainn agus éin ag cantain ar na géaga, chuaidh an Conallach agus d'innis sé do na geasa a bhí air, agus go gcaithfeadh sé iad a bheith déanta aige i gcionn trí lá. Bhí Séamus ag gol agus tháinig an firín dearg airís agus d'fhiafhruigh sé de cad a bhí air agus dúbhairt Séamus leis ná féadfadh sé an sgéal do leigheas, ach dúbhairt an firín beag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0571: “All Stick Together”
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ua Murcadha
    Gender
    Male