Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuireadar anáirde é agus do ceangaladar do’n crois é agus do rith an beirt driothár amach agus chuadar abhaile agus d’innseadar dá n-athair go raibh an buachaill marbh agus bhí ana ionghnadh air agus ba ghearr gur bhuail an bhuachaill isteach agus do chuaidh sé a chodladh.
Lá’r na mháireach d’ith sé a bhreacfast agus do cuaidh an mhinistéir ag caint leis agus d’fhiafhruigh sé dhe “Cá’r bh’ás é?” agus dúbhairt sé gur ó Éirinn é agus dúbhairt sé cad-na-thaobh gur fhág sé é agus d’innis an búachaill an sgéal go léir dho.
“Bhuel” arsan ministéir “do crochadh aréir tú agus tá an creideamh agat-sa agus iompócad-sa féin agus mo clann leat, agus tabharfad mo inghean duit le pósadh. “Ó ní phósad-sa riamh” arsan búachaill, “pósfhair” arsan ministéir agus féadfhair í thabhairt leat go dtí an t-oileán ’na bhfuil t-athair is do mháthair agus cuir in iúil dóibh. Do bhí áthas mór ar an athair agus ar a mháthair nuair a chonnacadar é, d’fhan sé aca ar feadh tamaill agus ansan do mhaireadar in aonfheacht leis an Ministéir.- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Thuama
- Inscne
- Baineann