Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
- XML Leathanach 039
- XML “Daoine Cáiliúla - Fear Reatha”
- XML “Daoine Cáiliúla - Rinceoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Bhí Máighistir Rinnce i-na cómhnuidhe i Gort na Binne fadó darb ainm do Sean Ó Donghaile. Bí sé ana mhaith cun rínnce agus gac aon oichche d'imthigheadh sé cun na scoile cun an rínnce a mhúineadh do na páistí mórtimcheall na h-áite.
Oidhche amháin bhí sé dódéag a chlog agus é ag teacht abhaile agus nuair a bhí sé ag gabhail thar Portach na Sidhe d'airig sé an ceol breagh agus chonnaich sé na sluaighthe fir agus cailiní ag rínnce le na céile.
Níor aithn Seán iad in aon chor ac cheap sé ná raibh a leithéad de rinnce agus do cheol ag aoinne beo ar fuaid an domhain bhí sé chómh breag san. Do chuaidh sé i bhfolac ansan agus do chonnaich duine d'es na cailiní é sar a bhfad agus dubhairt sí leis, "A Seáin Uí Donílon tar annso cun rinnce liom."
Do cuaidh se fé dhéin an cailín agus do bhailig mór-sluag d'es na sidhe mór-thimcheall air agus do thosnuighiadar go léir ag amhranuidheact agus is ansan bhí fhios ag Seán cé bhí aige ach mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Loinnsig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loinnsig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rathúnach Thoir, Co. Chorcaí