School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 009
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tseana shaoghal do théigheadh sglabhuidhthe síos amac ag baint prataí ar feadh cúpla mí.
Bhí sglabhuighe thíar i gCúil Aodha go dtugaidís Micil na Pinse air. Do bhailig sé leis maidean de Satharainn agus thug sé aghaidh ar Sráid a Mhuilinn. Sin é an bóthar a thógaidís muinntir Baile Múirne nuair a bhídís ag sul síos amac. Nuair a bhí sé ag dul síos Céim Carraige áit atá tímcheall trí míle ar an dtaobh sa de Sráid a Mhuilinn do bhuail fear uime ar an mbóthar agus a bhalcaisí Domhnaigh air. Bhí sé féin agus Micil ag caint le céile agus sa chaint dóibh dubhairt an fear go raibh sé ag dul fé dhéin tóraimh an duine críona a bhí taréis bháis d'fhághail sa bhaile ba giorra dhóibh Baile na Tóna.
"Muise" arsa Micil raghas-sa ann leis. Do sháithigh sé a ráinn agus pé balcaisí a bhí aige isteach i gclaidhe aitinn i bhfolach. Nuair a chuaidh sé isteach go tigh an tóraimh dubhairt sé a phadaireacha agus do ghoil sé greas. Luig sé air bheith ag gol ar aon chuma. Fuair sé taoscán fuisci agus annsan a shuipéar agus bhí gac aoinne ag deanamh dúracht do'n stroinséar fan na h-oidhche mar ana chuileachta a b'eadh é. Nuair a bhí(continues on next page)- Collector
- Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Informant
- Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí