School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Baile iseadh Cúil a Bhuacaig atá suidhte ar thaobh an t-Sulán i bparóiste Cill-na-Martra. Baile iseadh é leis atá mar shaighdiúir faire i mbéarna an bhaoghail idir an Ghaodhaltact agus an Galltact. Níl fios ceart cad na thaobh gur glaodhaig Cúil-a-Bhuacaig air ach deirtear go raibh daoine ana mhór láidir na gcómhnuighe ann fadó agus gur uatha san do fuair an baile an ainim, "Cúil-a-Bhuacaig" mar ar fhás na fir búachach agus na mná breagh reabhair" file a dubhairt é sin tráth éigin. Rud eile a dubhairt sé leis "Cúil-a-Bhuacaig, an baile cruaidh trim go bhfuil a aghaid leis an ngréin agus a cúl leis an sioch, go bhfuil bascadh na bárr agus báthadh na bun.
Tá mórán carraigeacha i lár Cúil-a-Bhuacaig sé sin an bascadh gur trácht sé air agus an t-Sulán an bátadh na bun.
Tá Carraig Bán, Carraig an eidhneáin, agus Carraig na Fraocáin, Carraig abhanab, Cloc-a-Chumair agus Poll na Carraige, i gCúil-a-Bhuachaig. Sa t-Sulán tá Linn Fiadh Chait, Poll Dorcadh, Pollín na bhFáinleóg, Pollín Buidhe, Poll a tSasanaigh agus poll a Chuillin. Baile fearann ana-mhór iseadh Cúil-a-Bhuacaig agus tá feirmeóir is fiche na cómhnuighe ann. Glaodhtar Drom na Lice ar an gcúinne siar thíos d'en bhaile agus Mullach Buidhe ar an dtaobh thuas de. Bhí(continues on next page)- Collector
- Amhlaoibh Ó Muimhneacain
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Informant
- Amhlaoibh Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork