Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá baile i gConndae Ciarraidhe go nglaodhtar Claodach air. Tá sé ar teorainn Co Corcaighe agus timhceall cead bhlian ó shoin do thuit mí-ádh mór ar na daoine ann. Do bhí rud éigin greanmhar ar na daoine a bhí na gcomhnaidhe ann mar bhí an sagart ag cainnt ortha ó'n álthóir gach Domhnach. Bhí beas eile aca ag breadghailLá breagh amach sa Samhradh d'oscail an spéir, do bhris na sgamaill agus tháinig fearthainn chómh tiugh le caise. Tháinig tuille mór anuas ós na cnocaibh agus do báthadh gach aon duine ann act aon stroinséar amháin a bhí ann agus tailliúr a b'eadh é. Dubhairt gach aoinne annsan gur mallacht é. Do tháinig buairt agus eagla ar gach aoinne i ngiorracht fiche míle do'n áit. Ní raibh aon cainnt cois teine act é. Do dhein Concubar Masters O Ríoghbardáin an bhéarsa sin.
B'olc iad na daoine sin
Firí iad na gClaoidigh
Síor-guide na gcaorach agus ag crúdh mbó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlis Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coolacresig, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Domhnall O Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clondrohid, Co. Cork