Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 020
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Thoir i Dromrigh i bparóiste Maghcromtha tá glaise beag uisce ar a dtugtar Glaisín na Leamnachta air. Bhí feirmeóir ann blian na gorta agus ní raibh aon rud le n-ithe acu sa tigh. Bhíodar laguidhthe amach ag an ocrais é féin agus a bhean agus a pháiste. Do rith caoire isteach maidin cuca fé mar a bheadh gadhair taréis í fiadhac no rud éigin.
    Dubhairt an bhean gur fearr í marbhúghadh mar gurbh é Dia a chuir chúcha í mar go rabhadar ag fagháil bháis leis an ocras. Dubhairt an fear ná cuirfeadh sé aon láimh innti. Thiomáin sé amac an doras í agus d'imtigh an caoire. Ní raibh sí imthigthe abhfad nuair tháinig bó sa clós ag geimrigh agus úth mór bainne aici. Dubhairt an fear go gcomainfeadh sé isteach an bhó gur oir di í crúdh agus go mbheadh a ndóthain acu sa bhainne. Bhí canna mór bainne acu nuair a-crúdhadh i agus scaoil sé amac airís.
    D'fhan sí annsan ar fuaidh an tighe. Ní imtheóchadh sí in aon chor agus níor tháinig aoinne fé na déin.
    Do chrúdhadar leó í agus ní raibh aon bliadhain ná go mbheadh gamhain bainneann aici go dtí go raibh stoc an tailimh acu. Bhí sí ag dul i gcríonact agus dhein an fear suas a aigne í dhíol.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Amhlaoibh Ó Muimhneacáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Amhlaoibh Ó Muimhneacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí