Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)

Suíomh:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 033

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Leathanach 033
  3. XML “Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí sprid thoir i gCarraig a' Phúca fadó agus ins an am san ní raibh traen ag rith Ó Mághcromtha go Corcaig agus do caitheadh na daoine ím do thabhairt go Corcaig cun é dhíol.
    Capall agus srathar fhada a bhíodh ag na daoine an uair úd.
    Uaireannta ní bhíodh ualach trom aca agus d'feadfadh an fear suidhe istig ar thaobh an tsrathar fhada ach núair do bheadh ualach trom aca do caithfeadh sé sé siubhal. Do thagadh an púca rómpa annsan agus do sáthadh sé a ceann isteach idir dhá cois an duine agus dárduigheadh sé leis ar a dhrom é agus ní stadadh sé go dtí go sroisidis sráid a Mhuillinn.
    Bhí fear ó mbaile Mhúirne darb ainm do Mathúin Ó Tuama ag dul soir oidhche. Nuair a bhí sé ag siubhal trí coill Carraig a Phúca níor airigh sé pioc go dtí go raibh ceann sáidhte idir a dhá cois agus as go brách leo. Níor stad sé go dtí gur chaith sé Mathúin bocht isteach i Loc Cum-a-trúis inaice Sráid a Mhuillinn agus d'fág sé annsan é. Do tharraing Mathúin e féin amach agus siar síos leis treasna na cnuic go dtí gur shrois sé Baile Mhúirne.
    Do bhí an capall taréis teacht abhaile agus an t-ualach ar a dhrom.
    Ar maidin lár na bháireach do chuaidh Mathúin go dtí an ceardhcán agus do chuir sé spuir ar a bhróga. Do ghluias sé go Corcaigh airís an oidhche san agus na spuir air. Soir tré coill Carraig a' Phúca airis do tháinig an Puca ar an dtaobh thiar do agus cuir sé a ceann isteach idir a dhá cois agus d'árduigh sé leis air a dhrom é ach má dhein do thug Mathúin na spiorraí do ar clíathánaibh agus suas leo mar an sidhe gaoithe gur thuit an Púca ar mullach a cínn thuas ar Crois an Teampall agus d'fág Mathúin annsan é agus tháinig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Mhuimhneacáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Amhlaoibh Ó Muimhneacáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí