Scoil: Cúl an Bhuacaigh (uimhir rolla 10471)
- Suíomh:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- COMHARTHAÍ BÁISTÍGHE
Nuair a bhíonn báisteach le teacht bíonn an spéir ana dubh doraca agus bíonn na sgamaill ag dul go h-ana mear tríd an spéír, agus nuair a bhíonn aimsear breagh le teacht bíonn an spéir go glan geal agus ní feadfá na sgamaill a fheiscint ag coruighe.
Ó'N NGHRÉIN - Nuair a bhíonn aimsear breagh le teacht bíonn cosa mór fada fé'n gréin agus deirtear gur cómhartha maith é sin.
Ó'N GEALAIGHE - Nuair a bhíonn droch aimsear le teacht bíonn bogha mór dubh doraca mór thimcheall na gealaighe deirtear gur bé sin droch cómhartha.
Ó'N NA RÉILTHÍNÍ - Nuair a bhíonn sioc le teacht bíonn na réilthíní go geal agus deirtear go mbíonn siad ar dearg lasadh.
Ó'N BOGHA LEACA - Nuair a bhíonn báisteach le teacht cítear an bogha leaca ins an spéir. Tá shean fhocal ag baint leis an bogha leaca. - sé sin é.
Bogha leaca ar maidin nó madraí am tráthnóna siad san comhartaí na báistíghe.
AN GAOTH MAR FHAISNÉIS - Nuair a bhíonn an gaoth ag séideadh go h-árd agus nuair a bhíonn sé ag feadghail deirtear go bhfuil stoirme le teacht.
Ó'N CÚIRLÚIN - Nuair a bhíonn an cúirlúin ag dul idtuaidh deirtear gur bé sin cómhartha báistighe.
Ó'N NA FÁINLEÓGA - Nuair a bhíonn na fáinleóga ag eitilt go h-íseal san spéir sé sin cómhartha báistighe.
Ó'N GCAT - Nuair a bhíonn an cat ag téidhedh é féin go dtí an teine gach la sé sin cómhartha sneachtaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Chorcaí