Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Cora Cainte agus araile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'Ar fuaid chos a chéile':- iad go léír in achran in a chéile. Deirtear é seo le daoine a bheadh go minic ag bruighean.
    Na trí rudaíis mó teaspaigh sa t-saoghal:- meannáin gabhair, piscín cait, baintreabhach óg.
    'Siad a tháinig in aistear ar an saol:- deirtear é seo le leanbhaí ná beadh aon lorg ag aoinne dhóibh. Tá sé ráidhte le h-aon rud (cur i gcás ainmhithe) d'imtheóchadh go h-olc nú a gheubhadh droch chúram.
    "Is suarach an chos-bheart a bhí air." Sean fhear adubhairt é le buachaill óg a ghlaodhaigh isteach chuige oidhche gheimhridh roint bliadhanta ó shoin agus a chuaidh amach airís. Ag cur síos ar a bhróga a bhí sé. Bhíodar go suarach ar an mbuachaill óg.
    "Is namhaid duit aon bhraon clagair." Sean bhean adubhairt é le buachaill a bhí tar éis taom trom breoiteacht a chur de. agus bhí sí á chómhairliú gan bheith amuich fé'n bhfearthainn nú féin gclagar mar a deirtear i mBaile Mhúirne.
    D'airígheas an focal "liongar" do chlagar ana trom ar fad (downpour) Tá sé na liongar. :)
    Dá mbeadh duine ann tar éis eirghe sa t-saoghal ach gur b'é cúis gur éirigh sé ná go bhfuair sé conghnamh ó dhuine eile, deirtear "Is é a chuir cos 'na sciain" nú "Chuir sé cos na sciain."
    "Cuibhseach gan bheith maoidhteach agus ní raibh cuibhseach na tígheasach fóghanta riamh."
    Bíonn dhá thaobh ar a' dtor ó aonach an fhóghmhair amach i.e. bíonn an ghrian ag taithneamh ar thaobh de agus bíonn scáil ar an dtaobh eile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge