Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Trí rudaí ná leanann abhfad:-
sneachta Earraigh, cubhar caise, cumann caile.
"Bíonn sé ann ga' h-aon ré sholuis":- ráidhte le duine a bheadh ann go h-an-mhinic.
"Is maith liom aithne do cur ort."
"Tá áthas orm mar gheall ar do chómhluadar."
"Beidh sé ag dul i stiaguidhtheacht." (seasoning)
Fág ag stiagúdhadh iad adearfá le h-adhmud 7rl."Bheidhfeá adhscadamhail á dhéanamh" nú "bheidhfa adhscadhamhail á rádh leis imtheacht." Sé sin go dtiocfadh sé cruaidh ort a rádh leis imtheacht. Níor mhaith leat é dhéanamh. Bheidhfeá ann-leisceamhail á dhéanamh agus dá mbeadh dul as agat ní dhéanfá in ao chor é.
Tá aithne coiricthe agam air. Tá an-aithne agam air.
'Anois atáimíd-ne ag cur ar breis':- Anois atáimíd-ne ag caitheamh bídh: baintear feidhm leis as an bhfocal ar chumaibh eile, cuir i gcás:- 'Tá an pháirc sin ag dul ar breis' sé sin go bhfuil an pháirc (barra) sin ag teacht ar aghaidh.
"B'é an lá séin di é." It was the lucky day for her.
"Tá's tú sa ghaill thí." Ní thuigim é seo i n-ao' chor ach Gaedhilgeóir adúbhairt é le buachaill ó na cheanntar féin a bhí ag obair sa talamh fóghanta.(leanann ar an chéad leathanach eile)