Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Cora Cainte agus araile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Áit cúil le faobhar iseadh ball iar gcúltha nú ball i bheadh abhfad isteach ó'n mbóthar. Áit i leith-taoibh.
    "Blonag an phráta a theas" adeir na seandaoine. Deirid leis le práta a bheadh tar éis fuaradh nách mór:- 'práta i n-eirball a theas.'
    Dá mbeadh na ceathanna ana chómhgarach dá chéile lá ceathach deirid go mbíonn cioth i dtóin cheatha.
    Deirtear le linn breóiteachta: 'Tá sé neamh-fóghanta nú 'tá sé gan bheith ar fóghnamh ach bhí aithne agam ar mhnaoi i mBaile Mhúirne atá i slíghe na fírinne leis na bliadhantaibh agus deireadh sí nuair fhiafróthá di conus bhí sí:- "Dó thógfainn bheith níos feárr."
    'Ní bheinn-se a' slis-ghualann leis' i.e. ní bheadh aon baint agam leis.
    'Ní thabharfadh sé a ainm i gceist do rud beag mar sin.' Sé sin go mbfeárr leis bheith an oiread san chun deirig ná bheith ainmnithe sa ghnó san.
    Deirtear le fear go mbeadh gníomh ann ach nár dóigh le duine é le feuchaint air:- "bhí sé níos trialltha ná a dheallramh" nú "ba thrialltha é ná a dheallramh"
    "Is baoghalach gur b'eadh a bheidh" - Is baoghalach gur mar a bhí sé a bheidh sé.
    Deirtear le duine gur dhual athar agus máthar do bheith mar so nú mar súd:- "Ní fheadfadh sé bheith ar a mhallairt de chuma mar ba mhar a chéile an dlúth agus an t-inneach".
    Chuaidh sé siar go bun na sprioc. Chuaidh sé siar go fíor-thosach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge