Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Eoghan Ruadh ag gabháil a' bóthar lá. Cuaidh sé isteach i dtigh agus bhí cailín istig agus í ag obair. Bhí sé cortha agus bhí ocras air. Bhí císte ar an dteine agus an gcailín. Tá an císte a dóghadh arsa Eóghan leis an gcailín.
    "Dó agus a dó sin a ceathair" arsa'n cailín. "Bhfuil t-athair mhor tímcheall an tíghe" arsa Eóghan. "Níl" arsa'n cailín "ach tá an tigh tímcheall air, tá sé sa leabaidh." Bhí a fhios ag Eóghan anois gur b'í an inghean féin a bhí ann.
    Nuair d'airigh fear a'tíghe an chaint thíos sa chistin d'éirigh sé agus tháinig sé anuas an staighre.
    "Cad is ainm duit-se"? arsa Eóghan.
    "Tá m'ainm fúgham is mo shloinne ós mo chionn" arsa'n fear.
    "Go mbeannuighthear duit a Mhic Cathaoir Mhic Cába" arsa Eóghan.
    Dairígheas leis an leagan seo:-
    "Tá m'ainm chúgham agus mo shloinne os mo chionn"
    Is maith liom an t-ainm a Mhic Chathaoir Mhic Chába
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain Droichead, Co. Chorcaí