Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (B.)
- XML Leathanach 128
- XML “Bullán Bán - Townsend”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ministir do b'eadh Townsend do bhí na chómhnuidhe i gCathair Ciogáin i bparóiste Cluaindroichid. Do fuair sé bullán bán ó chara dho i Sasana. Do leigeadh sé amach san ínse é sa t-Samhradh agus do coimeadadh se istigh é sa Geimhreadh. Do thug na feirmeóirí na deachmhuighthe don ministir sa Geimhreadh, agus thugadh seisean na rudaí sin d'en bullán bhán. Do dhein sé an méid sin ar feadh trí mbliana, é leigint amach san t-Samhradh san ínse, agus é coimead istigh sa Geimhreadh, agus na deachmuighthe do thabhairt do le n-ithe. Nior thaitin le roinnt daoine é bheith ag ithe a gcuid coirce féin agus do goideadar é. Do marbhuígheadh é sa t-sráidín seo é agus do roinneadar an feóil eatartha. Do cur na póilíní na dhiaidh na daoine agus do gabhadh cupla fear, agus é fear amháin do cuireadh an loch amach é. Nuair a bhí sé tar sáile fuair se piosa óir agus coimead sé é go dtí go dtáinig sé abhaile agus do cheannuigh sé píosa tailimh leí.