School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 203
- XML “Cora Cainte agus araile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'Ar fuaid chos a chéile':- iad go léír in achran in a chéile. Deirtear é seo le daoine a bheadh go minic ag bruighean.
Na trí rudaíis mó teaspaigh sa t-saoghal:- meannáin gabhair, piscín cait, baintreabhach óg.
'Siad a tháinig in aistear ar an saol:- deirtear é seo le leanbhaí ná beadh aon lorg ag aoinne dhóibh. Tá sé ráidhte le h-aon rud (cur i gcás ainmhithe) d'imtheóchadh go h-olc nú a gheubhadh droch chúram.
"Is suarach an chos-bheart a bhí air." Sean fhear adubhairt é le buachaill óg a ghlaodhaigh isteach chuige oidhche gheimhridh roint bliadhanta ó shoin agus a chuaidh amach airís. Ag cur síos ar a bhróga a bhí sé. Bhíodar go suarach ar an mbuachaill óg.
"Is namhaid duit aon bhraon clagair." Sean bhean adubhairt é le buachaill a bhí tar éis taom trom breoiteacht a chur de. agus bhí sí á chómhairliú gan bheith amuich fé'n bhfearthainn nú féin gclagar mar a deirtear i mBaile Mhúirne.
D'airígheas an focal "liongar" do chlagar ana trom ar fad (downpour) Tá sé na liongar. :)
Dá mbeadh duine ann tar éis eirghe sa t-saoghal ach gur b'é cúis gur éirigh sé ná go bhfuair sé conghnamh ó dhuine eile, deirtear "Is é a chuir cos 'na sciain" nú "Chuir sé cos na sciain."
"Cuibhseach gan bheith maoidhteach agus ní raibh cuibhseach na tígheasach fóghanta riamh."
Bíonn dhá thaobh ar a' dtor ó aonach an fhóghmhair amach i.e. bíonn an ghrian ag taithneamh ar thaobh de agus bíonn scáil ar an dtaobh eile.(continues on next page)