Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)
- Suíomh:
- An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Chathair Mhór
- XML Leathanach 311
- XML “Pósadh Cána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nách ró bhreágh an tabhareas d'fág sé againne le caitheamh
A chuid fola agus féola mar gráin ar a bpeaca
Dá dtugadh sé dhúinn réim mhór agus rachthmas
Níl ach siolla den ceó seachas glóire na bFlathais Sgéul.
Bhí caitín agus luicín súgrad lá
Agus do sgiob a caitín eirbeall ó luicín
Tabhair dom eirbeallín ar san luicín
Denamé ars an caitín
Má tugann tú braonín bainne ón mó bhudogín cugham
Dimthig an luicín go dtí an bhudógín
A bhudógín ar sise
Tabhair dom braoinín bainne go tabhaira mé braonín bainne do'n caitín agus go dtabhairbhtha an caitín mo earbaillín dom
Déanamé arsan budógín má tugann tú sop ón sgioból chuguham
A sgioból arsan luicín tabhair dom sop. Go dtabaira mé sop dom budóg.
Go dtabhraig an budóg braoin dom
Go dtabara mé braoin don caitín - go dtabhairfhig caitín mo eirbaillín dom. Deanamé arsan sgioból má tugann tú eocair ón gabha chugham.
Dimthig an caitín a triall ar an gabha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ó Súilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12