Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Sprid

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ina chomhnuidhe sa pharóiste seo fadó. Conn ab ainm dó. Bhíodh sé amuigh is d'oidhche go dtí a dó-dhéig a clog. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé a'theacht abhaile do bhuail sprid uime. Do stop sí é. "Á", arsan sprid, "tá tú agam anois. Táim chun tú do mharbhúghadh". "Ná dein, ná dein ar son Dé" arsa Conn.
"Cuirfidh mé chun báis tú mara gcuirfidh tú líne filídheachta léna dá línese", arsan sprid.
"Abair iad", arsa Conn.
"Coineal is coinnleóir ann agus curifí leath-rann le ran", arsan sprid.
"Cuillean a baintear um Shamhain is cuirtear mar ceann ar thig", arsa Conn.
Ní dhéanfaidh san an gnó" arsa sí.
Do chúm Conn dá líne eile mar seo.
"Muilleann is uisge 'gá cheann
Is a'tuille aige thall is abhus", arsa Conn.
"Ní dhéanfaidh san an gnó acht cómh beag," arsan sprid.
"Triall airís", ar sise. "Níl acht aon seans amháin eile agat".
Seo mar adubhairt Conn.
"Dá mbeithteá sa bhFlaitheas Dé 'nam.
Ní bheithfeá id' shamhail annsan".
Do dhein san an gnó agus d'fhág sí an áit sin.

Bailitheoir
Mícheál Ó Séaghdha
Inscne
fireann
Aois
13
Seoladh
Ceann Locha, Co. Chorcaí
Faisnéiseoir
Máire Ní Sheaghdha
Gaol
seantuismitheoir
Inscne
baineann
Aois
83
Teanga
Gaeilge