Scoil: Doire Clathach (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bailigheas é 1928 nuair a bhí Domnall ( beannacht Dé leis) in aois a 79 bliana d'aois. Sgríobhas é Mí Feabhra '36
Tobar Srufáin
Tá alán sgeulta i dtaobh Dromdáliog agus bóthar Srufáin, act is iomdha uair d'airig me tráct ar Tobar Srufáin
Bean uasal a beadh Srufán agus bhí comhnuige uirti i Doire na Groidhe ( Derrygree). Protustúnach abeadh í agus saghas tighearna talmhan abeadh í leis Ní raibh meas madra aici ar na Caitilicaig ná ar a gcreideamh.
Bhí tobar beannuighte san áit in a bhfuil tig tabhairne Uí Dhonnchadha anois. Tagadh na daoine ann gac bliain i mí na bealtaine cun "Rounds" a dhéanamh agus cun cuid den uisge a breith leo abhaile mar dtuigeann tú bhí leigheas in uisge an tobair 'gcoir galair ins na súilibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnaill Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Drom Osta, Co. Chorcaí