Scoil: Doire Clathach (uimhir rolla 11931)
- Suíomh:
- Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Firbisigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cúntas afuairais ó
Peadar ó h-Annracáin
Muinteoir Gaedhilge
Dun Aoibinn
Sgibrin
le lenn an T-Samhraidh 1927 idtaobh Drom-Dá Liag.
------------------------------------------------------Ní Drom-DháLiag an ainm ceart in aon cor ar sise liom.
Sé an sean-ainm abhí ar an áit ná "BÓTHAR SRUFÁIN". Bhí tobar beannuighthe san áit in a bhfuil tig tabhairne Ó Donnachada anois agus sé ainm abhí air na "TOBAR SRUFÁIN"
Bean uasail abeadh an Srufán sin agus bhí alán talamh timpall na h-áite aici.
Toisg gur in aice an Tobair a tógadh an céad tig san áit tugadh BÓTHAR SRUFÁIN mar ainm air.
Tá droichead ag dul treasna na h-abann ar abhfuil an sráid bhaile tógtha agus sé ainm atá air ná DROICHEAD SRUFÁIN
Bí leigheas eigin in uisge an tobair seo i gcóir galar súl agus thagadh alán duine go dtí an áit sa tsean aimsir- Faisnéiseoir
- Peadar Ó h-Annracáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leic an Phóna, Co. Chorcaí