Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 131
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh an acht currrach an uair sin. Nuair a bhí sé amach nach mór ar an taobh eile bíodar suas cuighe beagnach. Do leigh sé a bata tuitim síos uaigh san áit beag agus dhein sé poll. Tháinig uisce as an poll agus níor (-) sé go dtí go raibh loch uisge ann cómh mór agus tá indiú. Do bagadh na saighdiúirí go léir agus tháinigh an sagart saor ach mireamhail ó Día a beadh é.
Bailig: Eibhlín Ní Cheadhágáin, Gleann, Oilean CléireFuaireas ó:Tadhgh Ó hAongusa, Gleann - Bhí sagart i gCléire fadó agus fuair sé bás. Bé an nós a bhí ag a cailín aimsire na dul ag siubhaloíd gach oidhche breág. Tamall tar-éis bás an sagart cuaidh sí amach mar a gceudhna. Nuair a tháinig sí cómh fada le crois bóthar áirithe conaich sí an sagart ceudhna a bhí tar éis bháis. D'aithn sí go maith é agus ba mhian leí labhairt leis ach ní raibh caráiste a doithn aice. Cuaidh sí amach an tarna mar a gceudhna agus conaich sí é mar a gceudhna ach bhí sganradh uirthi labhairt leis. An triomhadh oidhche cuaidh sí amach airís agus thug sí cailín eile léi, agus ní raibh an méid ceudhna sgamhradh uirthi an oidhche sin. Do conaic sí é airís agus labhair sí leis ag d'iarraidh sí air cad a thug annsan é nú a raibh rud éigean ag teastáil uaidh. D'innis sé dí go raibh aon rud amháin á coimeád ó Neamh agus d'iarraidh sé dí an ndéanach sí é. Dubhairt sí go ndéanach agus fáilte.
"Tá, ar seisean, cóta ag crochadh ar an bhfalla um seómra coladta agus isthig san póca tá píosa páipéar ina bhfuil peacaí cailín balbh. An fhaid atá sé san annsan ní raghadh-sa isteach go Neamh. Thóg amach é agus caith isteach sa teine é agus ar t-anam ná féud air. Nuair a beidh sé déun-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin Ní Ceudhagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhgh Ó h-Áongusa
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Gleann Iarthach, Co. Chorcaí