Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí áthrach ó'n Phortuingéal ag teact ó thaobh theas mBrica(?) ag dul go Corcaig ar órduighthibh. Do bhí an aimsir doiriche agus níor fhead an captaén an grian a thágaint ar feadh tamaill mhóir. Do cuireadh as a gcúrsa iad in sa chás nár mhothuigheadar cá rabhahar, go rabhadar teanntuighthe idir Cléire agus na Laoidhthe. Leis an captaén féin dob eadh an bád agus do bhí sé féin agus a mhach agus dhá fhear deug innti. Nuair a fuaireadar amach iad féin a bheith teanntuighthe do dheineadar a ndícheall chun iad féin a shábhálta.
    Do bhí gaoth láidir indheas ann, agus ceó, agus báistheach agus do bhíodar a' trial ar obrú amach an Bholach. Nuair a fuaireadar amach nárbh aon tairbhe dhóibh é do thrialadar ar theacht chun ancaire ach níor choinnibh an t-ancaire in ao' chor. Annsan d'iaraidh an t-athair dá mhach an t-ancaire d'fághailt aníos agus é do lúbadh sa chábhaltha, ach dubhairt an mac leis gur fhág sé an chábhaltha sa bhaile. Ní raibh aon pílóit aca agus ní raibh aon eolas aca féin ar an áit agus do chuadhar ar charraig atá inaice leis an gCarraig Móir. Do chuadar go léir ináirde ar an dtigín a bhí uirthi ach amháin an captaén, do chuaidh sé sín síos sa chábán a' diaraidh a chuid óir. Ach an fhaid a bhí sé shíos do sguabadh an tigín de'n luíng agus do chuaidh an cuid eile de síos go tón fuíll agus do cailleadh an captaén. Do shnáim an tigín tímcheall ar feadh cúpla lá agus fé dheire
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Síothcáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    87
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí