Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Póstaí”
  4. XML “Na Bacaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhíodh an tOileán seo lán do bhachaig san tseana aimsir. Ní bhíodh aon lá sa bhliain na bíodh bacach ag gábháilt timcheall ag lorg a dhéirche. Is amlaidh a téigeaidís timcheall ó tig go tig, agus do íaraidís déirch ar son an tSlánuightheóra, agus ní nách iongnadh ní eiteóchadh aoinne iad nuair a théigidís chómh chruaidh san ortha. Annsan nuair a bíodh an bachach ag gábhail timcheall fa'n an laé do thagadh sé go tig éigin agus d'íaraidh sé ar mhuínntír a'tíge ceadh a tabhairt do 'bheith istigh. Ba gnáthach go mbíodh ana chuid dos na bachaig go sár mhait chun sgéalta Fínnaidheachta do innsint, agus ime sin, ba mhaith le daoinibh iad i bheith istig aca i caiteamh na hoidhche. Pé sgéal é, an uair sin do bíodh buachaillí agus cailiní ballaighthe ins na tighthe gach aon oidhche ag éistheacht le sean-duine nú seana-bhean a bhíodh ag ínnsint sgéala dhóibh. B'éidir uaireanntha leis gur ós na bachaig nó (lucht siúbhail) mar a ghlaoidís ortha a chloisfidís san féin na sgéala san. Do bhíodh tighthe áirithe leis san áit ná téigeadh aon bhacach ar tríall as ortha, mar do bhíodh droch ainm ortha. Do bhíodh i fhios ag na bachaig dhá dtéighidís go dtíos na tighthe sin, go bhfaighidís an thateachas. Dobh iad na daoinibh is feárr a thugadh déirch dos na bachaig ná:-
    Townsend ó Rínn Chual Uisge,
    Beecher na Baile Breiche
    agus Donnabhaineach ó Bhágh na Leithin
    Do bhíodh an bhuidheachas ag na bachaig ortha san .

    Máire Ní Drisceóil,
    Cumolán Thuaidh
    Inis Cléire
    ó Chiarán Ó Drisceóil (55 bl)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ni Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Ciarán Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí