Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “All the Fat in the Fire ad All the Beef in the Pot”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí buachaill aimsire ag obair i dtig a chómharsain aon uair amháin. Sé an obair a bhí ar siúbhal aige ná ag cur phrátaí. Do chuaidh sé isteach sa tig chun a phíopa a dheargadh. Nuair a chuaidh sé anonn chun na teine do chonnaic sé corcán mór ar an dteine. Do bhain sé an clúmhdach don chorcán agus cad a bheadh ann ná feóil. Do chuaidh sé amach sa pháirc arís agus dubhairt sé leis féin go mbeadh dinnéar maith aige an lá san. Tamall 'na dhiaidh san do ghlaodhad isteach é chun a dhinnéar d'ithe.
    Nuair a shuig sé chun an bhúird do chonnaic sé prátaí agus salann roimhis. Níor leig sé aonnídh air go raibh a dhinnéar ithte aige. D'eirig sé ón mbórd annsan agus dubhairt sé:
    "All the fat in the fire, and all the beef in the pot agus beidh fhios (be bios) agaibh lá an fhóghmair, cé mhéid (an mór) dhon fheóil a fuair Jack." Do chuaidh sé amach sa pháirc annsan agus do thug se mála mór síol amach leis agus chun iad a chrádh do chuir sé leath bhuicéad síol síos i ngac aon pholl. Nuair a fhás na prátaí is amhlaidh a bhí scart mór (pnéocha) pnéacha annso is annsúd ar fuid na páirce.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán O Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí