Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 097
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá baile istig in Oileán Cléire go dtugtar Cnocán na mBáirneach air. Bhí triúr mach de muinntir Muirthigh ann is bí druínn ar dhuine achu. Cuaid duine achu go Meirica ag tuilleamh airgidh is pós sé bean o Ciarraighe Máire Ní Dhuibhir. Tar éis tamaill táinic sé abhaile is bhí an bheirt driotair sa mbaile roimis. Dubhairt sé leó, tig nuadh a thógail. Dubhairt fear ná druinne gan aon rud a deanamh go mbeadh sé féin ar taobh éigin.
Cá bhfuil tú ag dul arsa driotáir leis.
Tá Diarmuidh Ó Flaiteartaig ag teacht ó Có na Gaillíme fear go bfuil druínn eile air agus tá sé cun mise a troid agus pé dhuine a geobfaidh an buaidh ní bheidh(?) aon dhruínn air ar maidin.
Tá go leór cainnt diamhaoin agat arsa an driotháir (?) pé níd a deanfair níl tú cun an tig seo a fágáil anocht
Dúnadar an dhoras is cuadar sior go Dun (?) Chléire is tugadar go leór admaidh leo is cuireadar igcoinnibh an dorais é. Bhíodar tuirsear (?) na diaidh sin is chuadar a codladh. Ar maidin nuair d'eirig siadh connaic siadh fear na druínne amuic cur on gcúl(?) is é ag rinnce lé h-áthas is nuair a cuaidh an driotair ag cainnt leis dubhairt fear na druinne gurabh í an oidhche ba cruadha a bhí aige riamh mar bhí troidh uathbhásac aighe leis an bfear eile is gur buaid sé air is dubhairt sé leis go raibh fuil ag rith sios go Faill Ronáin.D'imtig fear na Gaillimhse abhaile 'gus dá druínn air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás O Séógdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Iarthach Theas, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Dómhnaill Ó Lionáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Baile Iarthach Theas, Co. Chorcaí