Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 003
- XML “Scéal Bráthair Fithinnis”
- XML “Scéal an Fhile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar eagla d'úrlar-sa bheith scuabhtha,
Ná úrlár na mnaoi úd thall."
Bliadhain ó'n lá san do ghaibh sé an bóthar arís, agus ní raibh i dtig na mná saidhbhre ach croídhtín gan díon gan cómhla. Chuaidh sé isteach sa tig eile agus bhí leanbh sa chliabhán agus crut an t-sonais ar an dtig. D'iarr sé ar bhean a'tighe cad d'imtig ar muinntir a tighe eile.
"Tháinig ár orra", ar sise. "Beul", arsan fear, "is mise Bráthair Fith-innis, agus is le Dia an leanbh san agus caithfidh sé gabháil le teagasg an chreidimh. - Sgeul an Fhile
Do ghaibh file isteach go tig feirmeóra sa droch-shaoghal agus d'iarr sé ar bhean a'tighe, a bhí ag crúdh na mbó sa macha iostas na hoidhche uirthi: "Tabharfad agus fáilte" ar sise, "ach dein rann." "Seo," ar seisean: "Chím dhá chruach dúbha den mhóin; Dhá chapall córach, dhá choin, d'á phreachán níos duibhe nán gual, Dhá mnaoí, Dhá bhuaraig agus dhá bhoin."- Bailitheoir
- Cáit Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh O Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí