Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéul Bráthair Fith-innis.
Do bhí beirt bhan na gcómhnuidhe treasna'n bhóthar ón a chéile sa t-sean-shaoghal. Bhí duine aca chómh bocht dealbh agus d'fhéudfadh saoí a bheith agus bhí an saoghal ar a toil ag an mnaoi eile. Ní raibh aon uisce ar thalamh na mná saidhbhre agus chaitheadh saoí dul amach nach aon lá ag iarraidh uisge sa tobar a bhí ag ceann tighe na mná boichte.
Bhí lán tighe de chúram ag an mnaoi saidhbhir leis agus ní raibh aon chlann ag an mnaoi bhoicht. Ní bhíodh aon lá na go spídeadh an bhean saidhbhir an bhean bhocht síos go talamh agus go ciúis na mara. Sclábhuidhe a beadh fear na mná boichte seo. Lá dá raibh an bhean saidhbhir mar sin ag spídeadh is ag maoidheamh do gaibh bacach társa agus agus chuaidh sé isteach i dtig na mná saidhbhire. D'iarr sé déirc agus má iarr ní bhfuair sé ach an t-eiteachas tairciusneach. Tháinig sé amach agus d'iarr déirc ar an mnaoí boicht. Má iarr fuair go fáilteach agus go fial. Annsan chuaidh sé isteach ag triall ar bhean an t-saidhbhris arís agus seo mar a dubhairt:-
"Eist-se a bhean an mhórtais,
As do mhór chuid ná bí teann (Ar lean).(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh O Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 23
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí