Bhí fear igCléire fado gurabh ainm dó na Partolán Ó Muirín. Bhí sé na cómhnaidhe in áit go dtugtar Cnuc Bhaitín is ní deigidh sé fé lamh Easbuig go raibh sé an aosta. Nuair a bhí sé ag dul fé lámh easbuigh dubairt an t-easbog leis
An bfuil aon paidireacha agat.
Tá ar seisean. Cailín an Tigearna
Abair dom é arsa an t-Easbog.
Feaduighol (?) is feárr atá sé agam ar seisean
Abair mar sin féin dom í ar seisean.
Táim an tirim adubhairt sé is ní mór dom deoch uisge beatha
Á a Pártalon arsa an Easbog ní féidir leath aon braon dige a ól mar táir ag dul fé lámh Easboig ar ball.
Abair an paidir Naomhthac sin gach trátnóna nuair a beir ag dul a codladh is beid paidireacha do dóthain agath agus na dein dearmadh ar iad a muineadh sa séipéal gach Domnach do na leanbaí óga.
Beannacht Dé leath agus taír an bheannuighthe.
(Friteadh ó Dhómnaill Ó Lionáin, Bailé Iartach, Oilean Cléire (80 bl)
Bailigh Tomás O Séoghda, Baile Iartach, Oilean Cleire