Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 131

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 131
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí sagart i gCléire fadó agus fuair sé bás. Bé an nós a bhí ag a cailín aimsire na dul ag siubhaloíd gach oidhche breág. Tamall tar-éis bás an sagart cuaidh sí amach mar a gceudhna. Nuair a tháinig sí cómh fada le crois bóthar áirithe conaich sí an sagart ceudhna a bhí tar éis bháis. D'aithn sí go maith é agus ba mhian leí labhairt leis ach ní raibh caráiste a doithn aice. Cuaidh sí amach an tarna mar a gceudhna agus conaich sí é mar a gceudhna ach bhí sganradh uirthi labhairt leis. An triomhadh oidhche cuaidh sí amach airís agus thug sí cailín eile léi, agus ní raibh an méid ceudhna sgamhradh uirthi an oidhche sin. Do conaic sí é airís agus labhair sí leis ag d'iarraidh sí air cad a thug annsan é nú a raibh rud éigean ag teastáil uaidh. D'innis sé dí go raibh aon rud amháin á coimeád ó Neamh agus d'iarraidh sé dí an ndéanach sí é. Dubhairt sí go ndéanach agus fáilte.
    "Tá, ar seisean, cóta ag crochadh ar an bhfalla um seómra coladta agus isthig san póca tá píosa páipéar ina bhfuil peacaí cailín balbh. An fhaid atá sé san annsan ní raghadh-sa isteach go Neamh. Thóg amach é agus caith isteach sa teine é agus ar t-anam ná féud air. Nuair a beidh sé déun-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.