Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 425

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 425

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 425
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”
  4. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    n-imthigeadh sé soir go dtí an Gleann anois as aríst cun Aifrinn naomhta do rádh dos na daoine. I dtreó is ná beadh fios an sgéil ag na Sasanaig théigheadh sé fan na failltreacha ag marcaidheacht ar a chapall.
    Lá dá raibh se ag dul go dtí an Gleann chonnaich brathatóir é agus lean sé é cómh fada le "Tráig Laguigh" Rug sé ar chois d'es an t-sagairt agus tarraing sé dén capall é. é. Baineadh geit as an gcapall agus léim se ar leic mair a bhí sa claidhe agus tá rian a gcos le feiscint go dtí an lá atá indiu againn.
    Rop an brathadáir scian i ndrom an t-sagairt agus do mharbhuig sé é. Bain sé an ceann de agus chuir se go Tráighlí é cuig na saighdiúirí. Tá fuil an t-sagairt le feiscint fás san áit 'nar marbhuigheadh an sagairt. Níor fhás aon fhéar san áit o shoin i leith
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.