B'é Tomás an file ba thabhachtaighe abhí riamh sa cheanntar seo. Rugadh é i mBán Árd, atá inaice le Doire Fhionáin sa bliain 1785. Fuair sé bás 1848 agus tá sé curtha i nDoire Fionáin leis. Bhí an fhilíocht aige on duthchas mar lá amháin chuaidh bean isteach cun a mháthair d'feiscint, ní raibh Tomás ach cúpla mí d'aois. D'fhiafruigh an bean ar mháthair Thomáis an raibh sé inann siubhal fós. Sar ar thug a mháthair freagra don mnaoí labair Tomás mar seo:-
"Ní shiubhalann mo bhrón
Ach siubalaim le stól
Agus ar mo thóin"
As Gaedhilg a chum sé gan dán. B'é an t-slighe beatha a bhí aige ar feadh tamaill
(leanann ar an chéad leathanach eile)