Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 473
- XML “Ó Gráda”
- XML “Máire Ní Fhiannachta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air i bpáirc an aonaig sa mbaile seo. Ní théigeadh sé amach ag lorg déirce sa gheimreadh ach b'amlaidh a d'fhanadh sé ag baile agus seo mar a dhéanadh sé slighe beatha do sholathar do féin.Gach oidhche gheimhridh nuair a bhíodh a gceachtanna déanta a lucht óg na h-áite, bhailigheadh siad go léir isteach 'na thig. Bhíodh Ó Gráda ag sienm dóib agus gach duine acu ag rinnce. Nuair abhíodh deireadh leis an spórt gach oidhche tugadh gach Paiste díobh Pinginn nó dó do. Gealaim-se dhuit ná bhíodh aon easba air.
- Thóg Mícheál O'Braonáin, buachaill scoile on t-Sráid Nua a thóg an cunntas seo isteach. Chualaidh sé é ona Aintín, Eibhlín Nic Gabhann.MÁIRE Ní FHIANNACHTABhíodh bean ag taistal na duthaighe seo nach fada ó shoin agus dhéanadh sé caipíní deasa agus dhíoladh sí iad amuich fé'n dtuaith dos na feirmeoirí. Chuireadh fúithí i dtigtibh na bhfeirmeoirí leis, agus ní ag cur aon mhilleáin uirthí atáim ach bíodh sí go dona ar fad cun na mallacht.Bhíodh fear ag dul timcheall an uair chéádna, ní cuimhin liom anois cad é an ainm a bhí air, ach bhí sé ann ach go h-áirighthe. Bhíodh an-ghean aige ar an mbeurla, ní labhradh sé aon Gaedhilge inaon chor. Théigeadh sé go gach tig amuich fé'n dtuaith ag lorg déirce agus nuair abíodh an déarc faighte aige sé a dhéaradh sé igcomhnaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSráid Nua, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Nic Gabhann
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSráid Nua, Co. Chiarraí