Seán Ó Spealán
Bhí file ina comnuidhe igCraobhín igCathair Saidhbhín. Seán Ó Spealán dobh ainm agus ba sloinne dó. File mhaith do b'ead é súid leis. Do scriobh sé a lán filíochta. Seo é phiosa den fhiliocht do cúmh sé:-
" Éist liom go foill mo Muirín óg,
Mo sgéal do cloiscint go fíor,
Tá daoine arád le cois na sraíd,
Tá mise i ngrádh l súid.
Do bhí bhean ina comhnuidhe i gCraoibhín an uair sin agus do bhí alán frainncig sa tig aici. Gach oidhche do thaghad na frainncig isteach san leabhaid agus bhidís ag iththe an eadhaig. Fuar sí alán cat ach ní raibh aon maiteas ionnta cun iad a dhíbirt amach as an tig. Taghadh na fir isteach gach oidhche agus bhidís ag guidhe cun na frainncig do díbhirt. Ní raibh aon mhaitheas ann is in olcas a bhí sé ag dul. Thánaig an file isteach oidhche amháin agus dubhairt sé go raibh slighe amháin aige cun na frainncig do dhíbirt, sé sin amhráin a cantain gach oidhche taréis dul a codhladh agus gach maidhin taréis eirighe. Seo é píosa an t-amrán do chan sí gach oidhche.
(leanann ar an chéad leathanach eile)