Bhailig Tadhg O Cathasaigh an cúnntas seo thíos dhom. Chualaidh sé é on athair, "Tadg O Cathasaig," atá na chomhnaidhe i bPaírc an Aonaig, igCathair Saidhbhín.
SEÁN Ó SÚILLEABHÁIN
Bhí cuidh mhaith filí annso fadó agus bhíodar go hana mhaith cun amhrán do cumhad. Duine des na fir seo b'ead Seán Brunach Ó Suilleoibháin. Bhí sé ina comhnuidhe thuas i mBarra na Sraíde. File mhaith do b'ead é cun amrán agus sgéalta do cumhad. Seo é píosa an amraín a cúm sé " Sí Bean Dubh an Gleanna Is b'fearr liom. Bhí an filíoct aige ó duthchais agus deirtear go raibh sé indhán dos na frainncig a dhibhirt len a cuid filíochta. Thaghad morán pluír agus muin agus bruin isteach ar na longa móra shíos ag an gCealla agus cuiridís isteach i stór mór iad agus ní fhadha a bhíod siad ann nuair a bhíod na malaí strachaithe ag na frainncig. Bhí ana cuid ann agus bhí cuidh aca cómh mhór le cat. Deinidís morán iarrachta cun iad a dhibirt as an áit ach ní raibh aon mhaitheas ann.
An fear abhí ós cionn an stóir do chualadh sé mar gheall ar an bfile seo abhí thuas i mBarra na Sráide. Do glaodh sé cuige é lá amháin é agus d'innis sé do mar gheall ar na frainncig agus go raibh an áit lán aca. D'fiafruig sé de an raibh aon t-seift aige cun na frainncig a dhibhirt. Tá go deimhin ar san leis an dhuine uasail. An ragfá shíos in aonfacht liom. Seo
(leanann ar an chéad leathanach eile)