Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 496

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 496

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 496
  3. XML “Na Conaillig”
  4. XML “Brian Mac Murchadha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. B'é Peadar Ó Rosnaidhe do bhailig an t-eolas seo ó'n a aintín Nora Ní Ríordán, Cathair-Saidhbhín.
    NA CONAILLIG
    Do bhí ana-chuid talmhan ag na Conaillig. Bhí chuid maith de Catharn agus Faill Mór aca. Sealgaire maith do b'eadh Domhnall O Conaill, agus i gcómhnaidhe nuair a bhiodh sé ag teacht abhaile do théigeadh sé isteach i dtig éigin a bhí ag na tineóntaidhthe agus do bhíodh rud éigin le n-ithe aige ann. Lá amháin do chuaidh sé isteach i dtig agus tar-éis an deinnéara do ghlaodh sé ar fear a' tighe agus dubhairt sé leis "Caithfidh mé rud éigin a thabhairt dhuit anois." "Ní tóghfadh mé aon rud uait" arsan bfear. "Tabharfadh mé comhairle leasa dhuit" arsa Domhnall "Ná téighir go chúirt ríamh."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Dónall Ó Conaill (~175)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Rosnaidhe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Nora Ní Ríordán
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
  2. B'é Seán Ó Síothcháin do bhailig an t-eolas ó'n a mháthair Nora Uí Síothcháin, Cathair Saidhbhín.

    Bhí tigearna talmhan ina chomhnaidhe igCill Airne agus Brian Mach Murchadha do b'ainm agus sloinne dó. Bhí feirm mhór aige inaice le Cathair Saidhbhín agus do roinn sé i ina feirmeacha beaga. Do chuir sé cios trom ar na tineontaidhthe a bhí ina gcomhnaide ar na feirmeacha san. Tareis tamaill ní raibh na tineontaidhthe abálta an cios diol agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.