Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)417luain. Dé Céad-aoin nó De h-Aoine. Bhíod ball eadaig nuad agus ball seana eadaig dá caitheamh ag an gcaílín Do bhíodh bríste ghlúin agus casóg earball ar an bfear.
Pósaithe
“San allóid sé an Inid an t-am is mó a phósadh na daoine.”
Amuigh fé'n aer nó istigh sa tighthe is mó a pósaidís. Do réir scéil thagaidís cun na h-áite coinne cun pósadh ar capall. Bhíodh an brideóg ar cúl an fhir. Bhíodh an fear agus an bhean a bhí le seasamh leó ar chapall eile. Má's amuich fé'n aer a pósaidís caitidís an oidhche ag rás ar na capaillibh ins na páirceanna. Má's sa tigh a pósaidís caithidís an oidhche ag rinnce is ag ól. Tagadh na "Buachaillí Tuighe" isteach i rith na h-oidhche agus rinncidís leis an mbrideóg ar dtúis agus annsan leis na cailíní eile. Bíodh siad gléasta suas le tuighe agus is uaidh sin a fuaireadar an t-ainm.
De gnáth deintí cleamhnas roimh ré. Téigheadh an stócach go tig an cailín dá triall. Annsan socruighidís cun buaileadh le céile lá sa bhaile. De gnáth sé lé margaidh a socruighidís cun bualadh le céile. Téighidís isteach i dtig tabhairne agus nuair a bhiodh a ndoithin ólta acu tosnuighidís ar an gcleamhnas do socrú, an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinsías Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Churráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Barr na Sráide, Co. Chiarraí