Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 042
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímceall cead bliain ó shoin do bhí Scoil Scairte i bpáírc ar a dtugtar lait a Casúraig i bhfeirm mo athair i gCillín-Liath i bparóíste na Dromada. Bhí sé deanta de fóídh agus de clocha. Seán Bacach Síótcháin ó Cill Orglan a bhí ag múineadh innti agus do bhí árd meas ag na daoine air. Dhá (?) sgilling sa bhliain a bhí mar páth aige ar gach páiste a mhúineadh sé ach do thabharfadh cuid de na feirmeóirí níos mó ná san dó.Do bhíodh scoláirí an pharóíste go léir ann. Cleití a bhíodh mar puinn (?) acu. Do bhíodh cóipleabhar amháin ag na scoláirí (?) agus slinne cun uimhrighíocta. Do bhíodh dhá leabhair acu "Waster" agus "Duggan." Leabhar mar gheall ar an gealach agus na réilthíní abh eadh (?).Ní labhairtí aon Gháedhlige (?) sa scoil sin. Seo ceacht a fúair na páistí le foghluim tráthnóna, i gcóír na maidhne,Loom iseadh seól
Quirn iseadh bró
Mantle tree clabhra
Do bhí an scoil sin ann go dtí go dtáinig na scoileanna Náisiúnta, ach do loiteadar san na Scoilleanna Scairte go léir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí