Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 032
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In - aimsir an gorta ní bhíodh aon biadh ag na daoine ach cistí déanta de mhin coirce agus turnapaí beirithe. Bhí seana bean darb ainm di Maire na Múilach na chómhnuidhe tamaillín ó dheas uaimn i nDoire an Éadon i bparóiste na Dromada. Ní bíodh aon nídh le n-ithe aici ach turnapaí beirite. Thagadh sí gach lá go dtí tig a drifiúr agus geibheadh sí cúpla greama de arán uaithe. Ach ba gearr go raibh an t-ocras ag bagairt ar an drifiúr leis agus bhí ar Máire cur sa tsiubhal di féin leis.
An céad tig a chuaidh sí diarr sí rud éigin le n-ithe. Dúbhairt muinntir an tíge leí ná raibh aon nidh acu le tabhairt di go raibh ceathrar istig roimpi agus gur itheadar an beagán prataí a bhí acu. Dimthig sí uirthi agus cuaidh sí isteach i dtig eile. Cuireadar síos ag beiriugadh cúpla práta di agus an fhaidh a bhí na prataí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shíothcháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Shíothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí